Súil Siar Ar Bhotúin Na Roinne Oideachais Agus Eolaíochta

Cé go nglactar le Béarla mar phríomhtheanga in Éirinn leis na céadta blian anuas, ní deirfinn go bhfuil ár leithéid de stádas teanga in aon tír eile ar fud an domhain; san Aontas Eorpach, labhraítear teanga dhúchasach muintir tíre i ngach tír eile (fiú ag iompar in aigne an mheascáin mhóir de chultúr de thíortha eile). Is mór an t-iontas nach bhfuil (ar a laghad) tromlach na tíre in ann dá theanga a labhairt; Béarla agus Gaeilge. Eascraíonn a bhfuil i gceist ón gcéad lá de mheath na Gaeilge sa naoiú haois déag - labhraíodh Dómhnall Ó Chonaill Béarla agus d'úsáideadh sé Béarla chun cearta do na gCaitlicigh a bhaint amach, fiú leis na gnáthdhaoine. Comh maith le sin, d'úsáidtí Béarla i gcursaí gnó agus de bharr na ndlithe pionóise a bhíodh i bhfeidhm in Éirinn, cuireadh cosc ar Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna. Daorsmacht iomlan gan amhrás, agus ní bhfuair an Ghaeilge an fórlámhas arís, in ainneoinn athbheocháin na Gaeilge san fhichiú aois.

Nuair a thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge nuair a bhínn óg, níor cheistigh mé cén fáth go raibheamar ag foghlaim téanga difriúile; den chéad lá, bhí sé mar eol dúinn go raibh Gaeilge agus Béarla fite fuaite, cé nach raibh eolas ar bith againn faoin nGaeilge sular thosaíomar á fhoghlaim nuair ba naíonáin shóisearacha muid (cúig bliana d'aois). Ní héasca an teanga í an Ghaeilge ar chóir ar bith, áfach (i bhfad níos deacra ná an Bhéarla), agus ní mhúintí i gceart í sa bhunscoil, sílim. Mar thoradh, bhí deacrachtaí ó bhonn ag céatadán mór aosa óig na tíre i dtuiscint, i bhfoghraíocht agus i scríobh na teanga; sa bhunscoil, ní raibh go leor béime curtha ar ghramadach na teanga agus na cásanna inar chóir dúinn sémhiú nó urú a úsáid. Níor labhair na mic léinn Gaeilge leis an bhféinmhuiníneacht a ghlacadh le Béarla (níor múineadh an chopail dúine ar bith!) as ucht na bhfocail bhunúsacha agus na dtáblaí briathartha a bheith múinte dúinn.

Sa mheánscoil, ní raibh ach an mionlach a bhí cumasach agus féinmhuiníneach. Bhí múinteoir maith agam sa chéad blian, ach sílim nár mhínigh sé gach a raibh riachtanach a chur ós comhair na mac léinn. Sa dara agus sa tríú bliain, bhí óinseach againn mar mhúinteoir a chreid gur níos fearr aistí a chur de ghlanmheabhair seachas bunsmaointe gramadaí a mhúineadh dúinn. San idirbhliain, sa chúigiú bliain agus sa séú bliain, bhí sár-mhúinteoir againn a raibh tuiscint agus saineolas aige a bhí comh maith is a bhfaca mé riamh in aon mhúinteoir Ghaeilge. Thuig sé tabhacht gramadaí na Gaeilge a mhúineadh dúinn agus ionramháil a dhéanamh leis an teanga, seachas díriú ar phointí Ardteistiméarachta amháin. Mar gheall, b'fhéidir linn aistí a scríobh ó bhonn gan aon abairt nó alt a chur de ghlanmheabhair.

Ach ní mar a bhíothas linn a bhíothas le formhór na ndaoine eile - ón gcéad bliain ar aghaidh, thosaíomar ag foghlaim teanga Eorpaí comh maith. D'fhoghlaimíodh gach duine Fraincís, agus bhíodh rogha againn ábhar amháin d'ábhar amháin déag a roghnú. Roghnaigh triúr Gearmáinís agus timpeall deichniúr Spáinnís, daoine a mbeadh ceithre teanga acu don Teastas Sóisearach. Ansin, bhí rogha ann don Ardteist - bhí Béarla agus Gaeilge éigeantach, ach b'fhéidir leat teanga Eorpach amháin a dhéanamh nó Fraincís agus teanga eile. Bhí difríocht mór idir an chaoi inar múineadh Gaeilge dúinn agus an chaoi inar múineadh Fraincís, Spáinnís agus Gearmáinís - múineadh príomhghnéithe na dteangacha Eorpacha dúinn ón dtús agus cuireadh an bhéim ar chomhráite agus ar an ngnáthshaol. Tar éis na bunscolaíochta, glacadh leis go raibh gach duine cumasach i labhairt is i dtuiscint na teanga, ach níor fíor an rud é - sa Teastas Sóisearach, múintear dánta agus gearrscéalta as Gaeilge agus don Ardteist, tá mór-iomlán pháipéir 2 faoi litríocht agus faoi stair na Gaeilge. Comh maith le sin, tá aiste mór le scríobh i bpáipér 1. Muna bhfuil duine éigin in ann Gaeilge a úsáid, ní féidir leis/leí na ceisteanna litríochta a fhreagairt agus in áit ardleibhéal a dhéanamh, déanann sé/sí an cúrsa ghnáthleibhéil.

Comh maith le sin, tá Gaeilge i bhfad níos casta agus níos deacra ná Béarla agus na teangacha Eorpacha - níl aon chásanna gramadúla i ndáiríre sna teangacha siúd, ach tá cúig ceann sa Ghaeilge - an tuiseal ainmneach, an tuiseal cúspóireach (beagnach an céanna mar an tuiseal ainmneach), an tuiseal garmach, an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach. Comh maith le sin, tá Gaeilgeoirí fós nach dtuigeann an modh coinnílach, fós nach bhfuil a fhios acu go bhfuil aimsir ghnáthchaite le foghlaim agus fós nach bhfuil in ann an saor-bhriathar a thuiscint. Is deacair an rud é Gaeilge dhúchasach a labhairt; agus é sin gan na rialacha beaga gramadúla a tharraingt chun cinn, nó cur i bhfeidhm na copaile...

Is iomaí fadhbanna a bhaineann le múineadh na Gaeilge i scoileanna na hÉireann, ach ba mhór an bhuntáiste múinteoirí Gaeilge a bheith ann a thuigeann go bhfuil an teanga Gaeilge an-deacair a mhúineadh agus a foghlaim. Níor fhoghlaim mé Gaeilge i gceart sular cheannaigh mé Harry Potter agus an t-Órchloch - cé gur deacair an léamh é, is mór a fhoghlaimítear ó scríobh na teanga a léamh mar thaithí cruthaitheach agus is léir gur gá ionramháil díreach a dhéanamh chun Gaeilge a fhoghlaim i gceart.

Laertes
Laertes Laertes
18-21, M
1 Response Jul 15, 2010

Irish isn't a dialect, it's a totally separate language. They're both from the same branch of Celtic languages though. To the first commenter (who's disappeared for some mysterious reason), there is no such language as "Gaelic". It might be bandied about among those who don't speak the language, but my language is either "Irish" or "Gaeilge" and Scottish is "Scottish" or "Gaidhlig". Both have alternative names in their respective languages, but it is worth noting that "Gaelic" is an anglicisation that isn't specific to any of the six Celtic languages and in any case cannot be constructed phonetically in any of them.Laertes